Tá iarrtha ag feirmeoirí déiríochta na tíre ar Choimisinéir Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh Phil Hogan praghas an bhainne a ardú. Tuaradh inné go dtitfidh praghas an bhainne 50% an bhliain seo chugainn nuair a chcuirfear deireadh le cuótaí.
Dúirt Uachtarán Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA) John Comer go gcuirfidh an titim seo isteach ar gach paróiste sa tír agus gur tomhaltóirí a bheidh thíos leis ar deireadh thiar má chuirtear feirmeoirí déiríochta as gnó.
Tá an tuar seo do thodhchaí na déiríochta i dtuairisc atá foilsithe ag Teagasc.
Dúradh sa tuairisc nach mbeidh ach brabús 2c as gach líotar bainne ag feirmeoirí, titim 82% ó phraghas na bliana seo.
Tuairiscítear go dtirfidh praghas an bhainne go hidirnáisiúnta de bharr méadú sa soláthar agus titim bheag san éileamh.
Cuirfidh an titim seo as do 18,000 feirmeoir déiríochta ach goillfidh sé ar phobal i bhfad níos leithne dá bharr.
Dúirt an tUasal Comer gur ag brath ar fheirmeoirí déiríochta a bhíonn geilleagar na tuaithe, idir bhainc, ghnónna beaga agus shiopaí áitiúla
Bhuail sé leis an gCoimisinéir Hogan sa Bhruiséil inné agus d'iarr air ionchur an AE a mhéadú sula mbeidh sé ina ghéarchéim.
Dúirt Tom O'Dwyer, saineolaí déiríochta le Teagasc go dtitfidh ioncam na bhfeirmeoirí déiríochta 50% an bhliain seo chugainn - sin titim ó €60,000 go €30,000 sa bhliain.