Léiríonn mhórthuarascáil a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáiliocht Sláinte go bhfuil an soláthar foirne i roinnt ionad rialaithe contúirteach, go bhfuil an flit feithiclí ag dul in aois agus gur lag é an comhoibriú idir Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr.
Tá an contúirt anois ann go gclisfidh ar otharchairr de bharr aois na bhfeithiclí, agus molann an tuarascáil go gcuirfí le líon na bhfeithiclí éigeandála.
D’iarr an tuarascáil go ndéanfáí dhá ról difriúil d’fhreagairt na nglaoanna éigeandála agus de sheoladh na seirbhísí cuí, agus to dtarlódh seo i nach ionad rialaithe.
Rinneadh an moladh seo ar dtús anuraidh tar éis do HIQA cás a fhiosú nuair nár seachadadh otharcharr chuig láthair éigeandála in ainneoin é bheith iarrtha.
Nuair a scrúdaíodh an líon glaoanna éigeandála gach mí a freagraíodh faoin sprioc-am de 8 nóiméad, fuarthas gur tharla sin le 58% de chásanna cairdiacha, agus le 34% de chásanna eigeandála eile.
Deir an tuarascáil freisin gur beart práinneach é an comhoibriú idir Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (DFB) agus an tSeribhís Náisiúnta Otharcharr (NAS).
D’iarr an DFB cabhair ar an NAS 27,000 uair anuraidh, ach ní raibh ar chumas an NAS cúnamh a thabhairt 8,000 uair díobh sin.
Tharraing tuarascáil HIQA aird ar Thuaim, ar Loch Glinne agus Mala Raithní i gConnachta, trí áit nach bhfuil seirbhís otharchairr sainithe dóibh.