skip to main content

Cuirfidh Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath cóiríocht do 30-40 duine gan dídean ar fáil a luaithe is féidir

Cuirfidh Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath cóiríocht éigeandála ar fáil do 30-40 duine gan dídean
Cuirfidh Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath cóiríocht éigeandála ar fáil do 30-40 duine gan dídean

Tá foirgneamh de chuid Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath curth ar fáil ag Diarmuid Martin le cóiriocht éigeandála a thabhairt do 30-40 duine gan dídean sa chathair.

Tá súil an chóiriocht bheith ar bun a luaithe is féidir roimh an Nollaig.

Déanfaidh foireann na deoise teagmháíl le húdaráis na Cathrach inniu le dlús a chur faoin bplean.

Creideann an tArdeaspag Martin gur féidir cóiríocht fheiliúnach do 30-40 duine a chur ar fáil roimh an Nollaig, má thugtar an tacaíocht cheart dóibh.

Níos luaithe inniu, d'iarr an tArdeaspag cruinniú mullaigh ar bhonn práinne bheith ann leis an easpa cóiríochta do dhaoine gan dídean a phlé.

Tá cuireadh tugtha don Ardeaspag chuig fóram faoi dhaoine gan dídean a bheidh á thionól Déardaoin ag an Aire Comhshaoil Alan Kelly

Tháinig beart seo na deoise tar éis do chorp fhear gan dídean bheith faighte ar an tsráid gar do Theach Laighean inné.

B'shin é John Corrie, fear 43 bliain d'aois, arbh as Cill Chainnigh ó dhúchas é, ceaptar.

Dúirt Sophie Pigot, an bhean a tháinig ar chorp Joh Corrie, gur tháinig imní uirthi faoin bhfear mar go raibh sé ina luí ar bhealach an-amscaí ar an tsráid. 

Dúirt sise freisin gur léir go gcaithfeadh an sochaí a bheith níos atruaí i leith dhaoine gan dídean.