skip to main content

Múinteoirí dara leibhéal ar stailc lae

Tá scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre dúnta inniu de bharr go bhfuil na múinteoirí stailc lae.

An t-athchóiriú atá molta ar an Teastas Sóisearach faoi ndear an stailc seo.

Tá 27,000 múinteoir ag glacadh páirt san aighneas seo.

Tá suas le 350,000 dalta a bheidh d'oireasa ranganna inniu dá bharr.  

Dúirt an tAire Oideachais Jan O'Sullivan go bhféadfaí an stailc seo a sheachaint dá mbeadh na ceardchumainn sásta dul i mbun cainteanna.

I ráiteas a d'eisigh ceardchumainn Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) agus Cumann na Meánmhúinteoirí (ASTI) dúirt siadsan go raibh a gcuid ball imníoch maidir le gnéithe den athchóiriú agus an bhagairt dar leo atá ann do chaighdeáin oideachais chomh maith le ceart is cóir.

Is díol imní do mhúinteoirí freisin a dúirt siad nach mbeadh an córas mar atá seo in ann ag an athchóiriú seo atá molta.