Tá Stephanie Roche, iar-imreoir Peamount United agus imreoir le foireann Náisiúnta Sacair Ban na hÉireann fós san iomaíocht do ghradam domhanda, Cúl na Bliana de chuid FIFA.
Má bhuann sí, beidh sí ar an gcéad bhean gan trácht ar an gcéad Éireannach leis an ngradam domhanda seo a bhuachaint.
Níl fágtha sa chomórtas anois ach Roche agus mar chomhluadar aici tá Robin Van Persie agus James Rodriguez.
Scóráil siad san a gcúil siúd le linn Chomórtas Chorn an Domhain sa Bhrasaíl an Samhradh seo caite.
Scóráil sí an cúl díomhair i nDeireadh Fómhair 2013 in aghaidh Wexford Youths. Imríonn Stephanie le ASPTT Albi san Fhrainc anois.
Tá an físeán amaitéarach feicthe ag níos mó ná 3m duine ó shin.
Fógrófar buaiteoir an Ghradaim ar an 12 Eanáir.