skip to main content

Fíneáil agus príosún ar fionraí gearrtha ar Ned O'Keefe tar éis dó pléadáil ciontach i gcalaois costaisí Theachta Dála

Fíneáil agus tréimhse príosúnachta ar fionraí ar an Iar-Aire Stáit Ned O'Keefe. Feictear anseo é ar thaobh na láimhe deise.
Fíneáil agus tréimhse príosúnachta ar fionraí ar an Iar-Aire Stáit Ned O'Keefe. Feictear anseo é ar thaobh na láimhe deise.

Phléadáil an tIar-Aire Stáit Ned O'Keefe ciontach ar maidin i gcalaois costaisí a bhain lena thréimhse mar Theachta Dála. Gearradh fíneáil €3,500 agus tréimhse príosúin 7 mí ar fionraí air.

Bhí an tIar-Aire Stáit os comhair na cúirte dhúiche i gCorcaigh ar maidin tar éis dó coinne a dhéanamh bualadh le Gardaí ag stáisiún An Tóchair .

Gabhadh ar dtúis é faoin bhfiosrú ina theach cónaithe i mBaile Mhistéala in Aibreán 2012. 

Dúirt a dhlíodóir gur ualach mór ar Ned O'Keefe an smál seo ar a sheal ardmheasa mar ionadí poiblí.

Dúirt sé freisin go raibh fonn ar Ned O'Keefe admháil a dhéanamh os comhair na cúirte.

D'éirigh sé as an bpolaitíocht i 2011 i ndiaidh 30 bliain mar ionadaí tofa do Chorcaigh Thoir.