skip to main content

D'iarr an Taoiseach Enda Kenny ar phobal na hÉireann smaoineamh faoina roghanna toghcháin. Bhí sé ag caint in Oileán Mhanainn

Baol go loitfí bhur dtodhchaí - an Taoiseach ag caint ar Oileán Mhanainn inniu
Baol go loitfí bhur dtodhchaí - an Taoiseach ag caint ar Oileán Mhanainn inniu

Dúirt an Taoiseach go scriosfadh rialtas ina mbeadh páirtithe mar Shinn Féin páirteach pé maitheas eacnamaíochta atá bainte amach sa tír le blianta beaga anuas.

Tá an rogha a bheadh ag an bpobal sa chéad toghchán eile ag éirí níos soiléire anois - rialtas le Fine Gael i gceannas nó rialtas le Sinn Féin i gceannas a dúirt sé.

Thug an Taoiseach foláireamh do dhaoine a machnamh a dhéanamh faoi cad a bhí uatha i ndiaidh an chéad olltoghchán eile - rialtas a dhíreodh ar chruthú poist, fás agus rachmas nó rialtas a chuirfeadh gach a raibh bainte amach le blianta beaga anuas i mbaol.

Gheall sé arís go laghdódh sé cáin ioncaim dá dtoghfaí ina Thaoiseach arís é.