skip to main content

Sárú tromchúiseach rialacháin curtha i leith Iris Robinson i bhfiosrúchán Sárú tromchúiseach ar rialacháin - Iris Robinson

Iris Robinson faighte ciontach i sárú tromchúiseach rialacháin Comhthionól Stormont.
Iris Robinson faighte ciontach i sárú tromchúiseach rialacháin Comhthionól Stormont.

I bhfiosrúchán de chuid Douglas Bain, Oifig an Choimisinéara Caighdeáin i Stormont, cuirtear sárú tromchúiseach de rialacháin an Chomhthionóil i leith Iris Robinson, bean chéile an Chéad Aire Peter Robinson. Fuair an fiosrúchán nár sháraigh Peter Robinson aon dlí.

Ghlac Iris Robinson le £50,000 ó bheirt fhorbróirí maoine agus thug dá páirtí óg ag an am, Kirk McCambley é le cabhrú leis gnó nua a bhunú i 2008.

Líomhnaigh an clár teilifíse de chuid an BBC, Spotlight  gur sháraigh Ceannaire an DUP agus Céad Aire an Chomhthionóil, Peter Robinson cód na haireachta mar nár chuir sé na húdaráis cuí ar an eolas faoi bhriseadh dlí a mhná chéile.

Ghlac an Choiste um Chaighdeáin agus Pribhléidí  do bhaill tofa le torthaí an fhiosrúcháin.