Tá fiosrúchán trasteorann mí-úsáid gnéis i measc baill an IRA á phlé ag an Rialtas a dúirt an tAire Dlí Frances Fitzgerald inniu. Ag labhairt di i gCorcaigh, dúirt sí go mbeadh sé deacair fiosrúchán a reachtáil de bharr an dlí ach go bhfuil an moladh á iniúchadh ag an rialtas.
Ceaptar go mbeidh an moladh le plé ag cruinniú Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar Aoine na seachtaine seo chugainn.
Dúirt an tAire Fitzgerald nach mbeadh sé oiriúnach di labhairt faoi thuairiscí go bhfuil ainmneacha siúd atá faoi amhras na mí-úsáide tugtha ag baill Shinn Féin do na Gardaí.
Dúirt sí áfach go bhfuil cosaint leanaí mar thosaíocht aici.
D'impigh sí ar éinne a bhfuil faisnéis acu, teagmháil a dhéanamh le Gardaí nó SPTÉ.
Dúirt Máiría Cahill ar chlár teilifíse Dé Satharn gur mhaith leí tuairisc imscrúdaitheach a fheiceáil faoi mhí-úsáid taobh istigh den ngluaiseacht phoblachtánach.
Maíonn Cahill gur éignigh ball den IRA í sa bhliain 1997 nuair ba déagóir í agus go raibh uirthi aghaidh a thabhairt ar a hionsaitheoir ag cúirt phoblachtánach ina dhiaidh.