Cúisíodh James Davy as Cill Droichid, Cho. Chill Dara, Seán Davy agus Matthew Cummins as Éadan Doire i gCo. Uíbh Fháilí as Thomas "Toddy" Dooley a dhúnmharú ina theach conáithe in Éadan Doire níos luaithe i mbliana.
Tugadh an triúr os comhair na Cúirte Dúiche i dTulach Mhór ar maidin.
Tá an triúr curtha siar faoi choinneáil le filleadh ar Chúirt Chuarda Chnoc na Seamar ar an 28 Samhain.
Fuaireadh corp Thomas Dooley ar an tolg i seomra suite a thí i gCúirt an tSiúir Seanáin in Éadan Doire an 16 Feabhra 2014.