skip to main content

Tá fear 59 á cheistiú ag Gardaí i gContae an Chláir tráthnóna faoi bhagairt gunna aeir ar oibrithe uisce ar maidin.

Fear á cheistiú ag Gardaí faoi bhagairt gunna aeir i nDroichead an Chlair ar maidin.
Fear á cheistiú ag Gardaí faoi bhagairt gunna aeir i nDroichead an Chlair ar maidin.

Tá fear 59 á cheistiú ag Gardaí i gContae an Chláir tráthnóna faoi bhagairt gunna aeir ar oibrithe uisce ar maidin. Tharla an eachtra ag 09.20 ar maidin ar Bhóthar na Céibhe i nDroichead an Chláir. 

Bhí oibrithe de chuid Uisce Éireann ag cur méadair uisce isteach sa cheantar le tamall anuas. 

Thug fear áitiúil amháin faoi na hoibrithe inné agus chuir stop lena n-iarrachtaí méadar a shuiteáil dá theach siúd. 

Ceaptar gurbh é an fear céanna a bhagair na hoibrithe ar maidin le gunna aeir. Theith na hoibrithe ón láthair. 

Cuireadh fios ar Ghardaí armtha agus gabhadh an fear. Tógadh go stáisiún na nGardaí in Inis é áit a bhfuil sé á cheistiú. 

Níor scaoileadh aon urchar agus níor gortaíodh éinne. Chabhraigh baill Chosaint Shibhialta na hInse le cuardach na nGardaí agus fuair siad an gunna in Abhainn an Fhorghais in aice láimhe.