skip to main content

Marú mídhleathach an breithiúnas a thug giúiré choiste cróinéara i gcás na ndeartháireacha Eoghan agus Ruairí Chada i Maigh Eo.

Eoghan, Ruairí agus Sanjeev Chada
Eoghan, Ruairí agus Sanjeev Chada

Thug giúiré breithiúnas i gcás bheirt deartháireacha, Eoghan agus Ruairí Chada, a dúnmharaíodh in aice le Caisleán an Bharraigh in Iúil 2013. Marú mídhleathach an breithiúnas a thug siad. 

Thug 16 finné fianaise os comhair an choiste cróinéara. Dhúnmharaigh athair na beirte, Sanjeev Chada, na buachaillí i mí Iúil 2013. Bhíodar 10 agus 5 ag an am. 

Phléadáil Sanjeev Chada ciontach i ndúnmharú na beirte sa Phríomh-Chúirt Choiriúil an mhí seo caite agus gearradh pianbhreith saoil air mar phionós. 

Bhí máthair na beirte, Kathleen i láthair ag an gcoiste cróinéara i gCaisleán an Bharraigh.