skip to main content

Chuir 200 agóidí fáilte roimh an Taoiseach Enda Kenny i gCathair Chorcaí inniu. Bhí an Taoiseach ag fógairt 120 post nua.

Agóidithe ceansaithe ag ráillí sa Linn Dhubh áit a raibh an Taoiseach ag fógairt 120 post nua.
Agóidithe ceansaithe ag ráillí sa Linn Dhubh áit a raibh an Taoiseach ag fógairt 120 post nua.

Bhailigh 200 agóidí ag oifigí an chomhlachta Xanadu sa Linn Dhubh i gcathair Chorcaí áit a raibh an Taoiseach ar cuairt chun 120 post nua a fhógairt. 

Rinne siad iarracht bac a chur ar an Taoiseach ach bhí ráillí cosanta crochta ag Gardaí chun an slua a cheansú. 

Cruthóidh Xanadu, comhlacht cluichí ríomhaireachta 120 post nua i gcathair Chorcaí. Bunaíodh an comhlacht trí bliana ó shin le 8 fostaí. 

Bunaíodh Xanadu mar chomhlacht tacaíochta teicneolaíochta do chomhlachtaí móra mar Matchbook.com. 

Níos luaithe inniu, d'iompaigh an Taoiseach fód ag suíomh tógála ar Ché Ailbhe áit a dtógfar an bloc is mó oifigí sa chathair.