skip to main content

Cruthófar 120 post nua sa chomhlacht cluichí ríomhaireachta Xanadu.

120 post nua le fógairt i gCorcaigh inniu
120 post nua le fógairt i gCorcaigh inniu

Fógróidh an Taoiseach Enda Kenny 120 post nua sa chomhlacht cluichí ríomhaireachta Xanadu i gCorcaigh inniu.Trí bliana ó shin a bunaíodh an comhlacht agus 8 fostaithe ann ag an am. 

Bunaíodh Xanadu mar chomhlacht tacaíochta teicneolaíochta do chomhlachtaí móra mar Matchbook.com. Tháinig borradh ar a ngnó go hidirnáisiúnta agus tá níos mó ná 100 fostaí ag obair ann faoi láthair. 

Deir baill an fheachtais frith-tháillí uisce, "We Won't Pay", go mbeadh siad i mbun agóidíochta le linn cuairt an Taoisigh ar an gcomhlacht. 

I gCorcaigh freisin inniu, iompóidh an Taoiseach fód ar shuíomh tógála ar a dtógfar bloc nua oifigí ar Ché Ailbhe sa chathair. Tá an forbróir John Cleary le €50M a chaitheamh ar an bhfoirgneamh is mó oifigí sa chathair.