skip to main content

Tá reachtaíocht nua fógartha ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabharfaidh cosaint do na milliúin imirceach sa tír.

Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Barack Obama ag labhairt aréir faoi reachtaíocht nua d'imircigh
Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Barack Obama ag labhairt aréir faoi reachtaíocht nua d'imircigh

Tá reachtaíocht nua fógartha ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabharfaidh cosaint do na milliúin imirceach atá sna Stáit Aontaithe in aghaidh an dlí. Faoin dlí nua, beidh cead acu cuairt a thabhairt abhaile ar a dtír dhúchais. 

In óráid teilifíse a d'fhógair an tUachtarán Obama an gníomh fheidhmeach.

I measc nithe eile sa reachtaíocht nua, tabharfar ceadúnais oibre do na milliúin imirceach atá ag obair sna Stáit Aontaithe gan cead, na mílte Éireannach ina measc. Tá trí chuid sa reachtaíocht - víosaí nua, stádas sealadach d'imircigh mhídhleathacha agus athruithe i gcur i bhfeidhm. 

Ní dhíbreofar daoine atá ina gcónaí sna Stáit le níos mó ná cúig bliana, a bhfuil páistí acu a rugadh sna Stáit nó atá ann go dleathach agus a phasálfaidh scrúdú ar a gcúlra má chláraíonn siad do cheadúnais oibre, do cháin agus do choimirce shóisialach. 

Beidh víosaí nua ar fáil do chéimithe eolaíochta agus teicneolaíochta agus d'fhiontraithe a bhfuil airgead le hinfheistiú acu le postanna a chruthú. Mar bharr ar na gníomhartha ar fad, beidh sé níos éasca ag imircigh cuairt a thabhairt abhaile má fhaigheann siad cead roimh ré. 

Ceaptar go dtiocfaidh an reachtaíocht nua i bhfeidhm go luath an bhliain seo chugainn. 

D'fháiltigh Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Charlie Flanagan roimh an reachtaíocht nua. In agallamh le RTÉ ar maidin dúirt sé nach bhfuil na sonraí faoi thaisteal soiléir go fóill. Dúirt sé áfach, gur thagair an tUachtarán dó agus da bharr go mbeidh imiricigh na hÉireann in ann filleadh abhaile do mhór-ócáidí teaghlaigh - sochraidí agus bainiseacha ina measc.