Léiríonn taighde nua go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht, arb í an Ghaeilge a dteanga baile, níos cumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge de réir mar a théann siad in aois.
Tugann an taighde le fios go bhfuil dátheangachas éagothrom ag dul i gcion ar dhaoine óga sa Ghaeltacht, agus nach dtagann an forás a mbeadh súil leis ar a gcumas sa Ghaeilge.
Uileláithreacht an Bhéarla agus an iomaíocht éagothrom idir an dá theanga is cúis leis seo, a deirtear.
______________________________
Achoimre ghairid:
- Daltaí idir 7 agus 12 bliain
- Buntáiste 15% ag Béarla ar Ghaeilge
- Cóimheas cumais 7 : 3
- Uileláithreacht an Bhéarla
- Gaeilge measctha le Béarla á labhairt
- Gá le léitheoireacht Ghaeilge
- Gá le gréasáin shóisialta Ghaeilge
_______________________________
Cé gurb í an Ghaeilge a dteanga baile, léiríonn an taighde go bhfuil buntáiste 15% ag a gcumas Béarla ar a gcumas Gaeilge.
Léiríonn anailís ar ghnéithe teangeolaíochta inchomparáide sa dá theanga go bhfuil buntáiste cóimheasa ag an mBéarla ar an nGaeilge de 7 : 3.
Léiríonn an taighde freisin go bhfuil an Béarla ag dul i gcion go mór ar chineál na Gaeilge a labhraíonn páistí. Gaeilge measctha le Béarla atá i gceist.
Is sna scoileanna is mó a bhfuil Béarlóirí iontu is laige atá an cumas Gaeilge ag na ndaltaí.
Tá an staidéar nua - Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta - foilsithe inniu ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Seo é an chéad taighde comparáideach dátheangach dá shórt a rinneadh in Éirinn. Bunaítear an anailís ar chaint 50 dalta - idir 7 agus 12 bliain d'aois - ina dhá dteanga, agus iad ag reacaireacht agus i mbun tástálacha cumais teanga.
Dar leis na taighdeoirí, is léirú é an míbhuntáiste teangeolaíochta seo ar an míbhuntáiste sochtheangeolaíochta sa Ghaeltacht agus labhairt na teanga ag meath, fiú sna ceantair sin ina mbíodh sí á labhairt go forleathan go dtí le deireanaí.
Le cumas sa Ghaeilge a chothú, molann na taighdeoirí múnla uaillmhianach tumoideachais bhreisithe. Deir na taighdeoirí go bhfuil an múnla oideachais sa Ghaeltacht faoi láthair éiginnte.
Moltar go gcothófaí an léitheoireacht Ghaeilge i measc páistí sa Ghaeltacht lena bhforás teangeolaíochta a neartú.
Moltar freisin go gcothódh tuismitheoirí gréasáin shóisialta Ghaeilge dá gclann, a ligfeadh do na páistí an oiread feidhme a bhaint as an teanga agus ab fhéidir.
D'fhógair an Roinn Oideachais inniu go bhfuil straitéis nua do bhunscoileanna Gaeltachta le réiteach an bhliain seo chugainn i bhfianaise a bhfuil sa taighde nua.