skip to main content

'I Liatroim agus i nDún na nGall is mó atá tithe folmha' - tuairisc nuachtáin

Tithe saoire i nDún na nGall
Tithe saoire i nDún na nGall

Is i gCo Liatroma is mó atá tithe folmha sa tír, agus is i gCo Dhún na nGall is mó atá tithe saoire folmha, a deirtear i dtuairisc ar nuachtán an Irish Examiner inniu. 

Deir Éamon Mac Giolla Bhríde - ceantálaí i nDún na nGall - go ndeachthas thar fóir leis an tógáil i gceantair thuaithe san am a caitheadh, agus go mbeidh sé deacair go leor de na tithe seo a dhíol, nó a úsáid mar thithíocht shóisialta.

Deirtear ar an Irish Examiner go léiríonn Daonáireamh 2011 go raibh 168,000 teach folamh sa tír seo ag an am, agus go bhfuil 90,000 teaghlach ag lorg áit cónaithe dá gcuid féin faoi láthair.