Tá beirt aimnithe ag Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceisteanna dlíthiúla a thagann as líomhaintí atá déanta ag Máiría Cahill. Maíonn Maíria Cahill gur éignigh ball den IRA í i 1997 agus í ina déagóir.
Is iad Sir Keir Starmer, iar-Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Shasana agus na Breataine Bige, agus Katherine O'Byrne, dlíódóir ón Astráil, an bheirt a ceapadh.
Tá siad le hathbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras ionchúisimh a bhaineann le trí chás eile sa Tuaisceart a bhfuil ceangal acu le chéile. Baineann na cásanna le hionsaithe gnéis agus sceimhlitheoireacht.
Deir Maíria Cahill nach bhfuil sí sásta leis an gcaoi a ndeachaigh na húdaráis i ngleic lena líomhaintí.