Tá sé deimhnithe ag aturnae Praveen Halapannavar go bhfuil a chliant ag cur an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi bhás a mhná céile Savita. Tá sé deimhnithe freisin ag Gerard O' Donnell go bhfuil Praveen le filleadh ar Ghaillimh.
Cothrom an lae inniu, dhá bhliain ó shin, a bhásaigh Savita Halapannavar in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus í ag iompar linbh.
Tá bigilí ar siúl ina cuimhne i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath anocht.

Bigil i gcuimhne ar Savita ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh anocht