skip to main content

'Aitheantas oifigiúil do dhaoine trasinscneacha i 2015' - dlíodóirí an Stáit

Lydia Foy
Lydia Foy

Dúradh san Ard-Chúirt inniu go bhfuil cás a thug bean thrasinscneach in aghaidh an Stáit socraithe nach mór. Dúradh sa chúirt go bhfuil rún ag an Rialtas na dlíthe cuí a achtú an bhliain seo chugainn a ligfeadh do Lydia Foy teastas breithe nua a fháil. 

Tá teastas breithe nua agus aitheantas oifigiúil dá hinscne bhaineann á lorg ag Lydia Foy le breis is 20 bliain.

D'fhógair dlíodóirí an Stáit sa chúirt inniu go bhfuil "rún daingean" ag an Rialtas na dlíthe cuí a achtú an bhliain seo chugainn. Dúirt siad go n-achtófar an Bille um Aitheantas Inscne 2014 "chomh luath agus is féidir" i 2015.

Ní raibh Lydia Foy sa chúirt inniu, ach dúirt a haturnae Michael Farrell go raibh sí an-sásta leis an scéala. 

Rialaigh an Ard-Chúirt i 2007 go raibh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á shárú ag an Stát mar nach raibh aon reachtaíocht ann a thabharfadh aitheantas do dhaoine trasinscneacha.