Adhlacadh inniu an lánúin scothaosta a maraíodh i gCo Dhún na nGall an tseachtain seo caite. Fuarthas coirp Jimmy agus Kathleen Cuddihy ina dteach cónaithe i gCarn Domhnach ar maidin Déardaoin seo caite. Tá mac leo cúisithe ina ndúnmharú.
Ag an Aifreann éagnairce i Séipéal an Chroí Rónaofa i gCarn Domhnach, dúirt iníon na lánúine Maureen go gcaithfear a chinntiú go dtugtar an cúnamh cuí do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabharshláinte acu.
Dúirt Easpag Dhoire an Dr Donal McKeown go bhfuil an pobal suaite ag an eachtra uafásach. Ghuigh an tEaspag go dtiocfadh daoine tríd agus go dtacódh an pobal sa cheantar le chéile.
Tá mac na lánúine Julian Cuddihy le tabhairt os comhair cúirte i Leitir Ceanainn arís amárach.