skip to main content

Maoirseoir iarrtha ar an Rialtas ag Comhairle um Inimircigh na hÉireann

Tugtar daoine isteach sa tír go mídheathach i dtaisceadáin mar seo
Tugtar daoine isteach sa tír go mídheathach i dtaisceadáin mar seo

Ba cheart feidhmeannach neamhspléach a cheapadh le maoirseacht a dhéanamh ar na dlíthe agus na cleachtais a bhaineann le daoine a thabhairt isteach sa tír go mídhleathach, dar le Comhairle um Inimircigh na hÉireann.

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar an Aire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald maoirseoir a cheapadh mar atá i dtíortha eile san Eoraip.

Maíonn an Chomhairle go bhfuil an tír seo i mbaol ag coirpigh atá ag tabhairt daoine isteach sa tír go mídhleathach.