skip to main content

'Ardú 10% ar bhochtaineacht i measc pháistí na tíre idir 2008 agus 2012' - tuarascáil úr

Ardú 10% ar bhochtaineacht i measc páistí
Ardú 10% ar bhochtaineacht i measc páistí

Léiríonn tuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe gur tháinig ardú os cionn 10% ar bhochtaineacht i measc páistí sa tír seo idir na blianta 2008 agus 2012. Chuaigh 130,000 páiste breise i mbochtaineacht idir na blianta sin, a deirtear sa tuarascáil.

41 tír a scrúdaigh lucht taighde, agus é i gceist acu leas páistí sna tíortha sin a mheas i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta idir 2008 agus 2012. 

Tháing an tír seo sa 37ú háit maidir le bochtaineacht i measc páistí. 

Deirtear sa tuarascáil freisin gur tháinig ardú 2.5% ar bhochtaineacht i measc daoine níos sine san achar céanna.