skip to main content

'15,000 feirmeoir páirteach in agóidí ag monarchana feola na tíre'

Ghlac tuairim is 15,000 feirmeoir páirt sna picéid ag monarchana feola na tíre ó inné, dar le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann. Cuireadh deireadh leis na picéid ag 3 a chlog inniu. Tá fearg ar fheirmeoirí faoin bpraghas atá siad a fháil ar mhairteoil.

 Faoi láthair, tá feirmeoirí in Éirinn ag fáil €350 níos lú ó mhonarchana feola ar a gcuid beithíoch ná atá feirmeoirí sa Bhreatain.

An bhliain 2000 an uair dheireanach a chuaigh na feirmeoirí i mbun picéad den tsórt seo. Gearradh fíneálacha móra ar Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann dá bharr.