skip to main content

Breis is 660 duine marbh le mí anuas i Kobani, ar theorainn na Siria,-Grúpa cearta daonna

Dianthrodaíocht i Kobani
Dianthrodaíocht i Kobani

Deir eagraíocht chearta daonna Breataineach atá lonnaithe sa tSiria go bhfuil breis is 660 duine marbh anois de thoradh na cogaíochta i mbaile Kobani lámh leis an teorainn idir an tSiria agus an Tuirc.

Ceantar straitéiseach is ea Kobani agus tréan iarracht á déanamh ag mílisteoirí Ioslamacha, atá bainteach leis an ghrúpa IS, seilbh a ghlacadh air.

Deir ceannasaí Coirdíneach áfach go bhfuil an ruaig curtha ar ghrúpa mílisteach Ioslamach amach as an gceantar anois.

Creidtear gur chuidigh na hionsaithe aeir a rinne Meiriceá leis na mílistigh a chur ar a dteitheadh.  

Rinneadh 14 ionsaí le lá anuas a deirtear.

Tá aerfhórsa na hAraibe Sádaí ag tacú le Meiriceá sna hionsaithe seo ar an tSiria.

Ainneoin seo tá an imní i gcónaí ann go bhfaighidh IS seilbh ar Kobani.

Tá an grúpa IS san Iaráic ag teacht faoi ionsaithe aeir freisin.

Dúirt Coimisinéir nua Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe go bhféadfadh sé gur gluaiseacht chinedhíothaithe atá sa ghrúpa IS.