skip to main content

Fear sáite chun báis i gceantar Sheantraibh i mBaile Átha Cliath

Ospidéal Beaumont i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath
Ospidéal Beaumont i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath

Tá fear gafa ag gardaí i mBaile Átha Cliath i dtaca le bás fir eile de bharr eachtra sáite a tharla i Seantrabh ó thuaidh den chathair níos túisce tráthnóna.

Fear sna fichidí a bhásaigh lámh le bloc árasán ansin.

Cuireadh fios ar na gardaí agus bhí siad ar an láthair thart ar a 3 a chlog.

Tháinig siad ar fhear a bhí gonta, bhásaigh an té sin in ospidéal Beaumont níos deireanaí.

Gabhadh fear, sna fichidí creidtear, ina dhiaidh sin.

Tá sé á choinneáil i Stáisiún na nGardaí i mBaile Munna faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984. 

Tá an láthair dúnta do scrúdaithe teicniúla agus fóiréinseach.

Tá paiteolaí an Stáit curtha ar an eolas.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin eachtra seo glaoch ar stáisiún na nGardaí i mBaile Munna ag  01-666 4400.