skip to main content

Sagart i dteideal 27% de luach tí a raibh comhúinéaracht aige air i nDún na nGall

Gabriel Rosbotham- I dteideal 27% de luach tí
Gabriel Rosbotham- I dteideal 27% de luach tí

Rialaíodh inniu go bhfuil sagart a mhaígh comhúinéireacht ar theach a bhí aige le hiarbhráthair Críostaí i dteideal 27%de luach an tsealúchais.

An tAthair Gabriel Rosbotham a thug an cás cúirte in éadan Hugo Crawford i nDún na nGall. 

Teach darbh ainm Rose Cottage i Leitir Beara in aice le baile Dhún na nGall a bhí i gceist.

Bhí an tAth. Rosbotham ag roinnt an tí le Hugo Crawford, iar-Phroinsiasach a raibh sé i gcaidreamh leis tráth, ach a bhfuil deireadh tagtha leis anois.

Cheannaigh Crawford an teach i 1994 nuair a d'fhág sé Ord na bProinsiasach. 

 Bhí an tAth. Rosbotham ina shagart i mBéal an Átha i gCo. Mhaigh Eo leis an Ord Proinsiasach ag an am.

Ní raibh cead aigesan maoin a bheith aige mar go raibh móid bochtanais tugtha aige don ord.

Tugadh le fios sa chúirt gur chlis ar an gcaidreamh idir an bheirt i Nollaig 2002 agus gur fhan an tUas. Crawford sa teach.

Rialaigh an breitheamh Keenan Johnson i gCúirt Chuarda Dhún na nGall ar maidin gur le Rosbotham 27% den teach, agus gur le Crawford 73% bunaithe ar an méid airgid a bhí infheistithe acu beirt sa sealúchas.

Seilbh chomhroinnte atá i gceist ar Rose Cottage, agus dúirt an Breitheamh Johnson go mbeadh an bheirt fhear mar thionóntaithe.                                                                                                     

Dúirt sé freisin gur daoine fírinneacha, ionraice a bhí sa bheirt fhinné, gur daoine maithe a bhí iontu a raibh meas acu ar a chéile go fóill.

Dúirt sé freisin go bhfuil a saol caite ag an bheirt ag cuidiú le daoine eile - an tAth. Gabriel mar shagart agus an tUas. Crawford mar chúramóir.

Dúirt an breitheamh gur mhór an trua gur tugadh an cás chun cúirte agus mheas sé féin gur cás é a d'fhéadfaí a shocrú tré eadráin - rud a d'fhéadfadh ligint don bheirt fhear dul ar aghaidh lena saol gan anacair na cúirte.