Dúirt Maria Cahill, an bhean a líomhnaigh go ndearna ball den IRA ionsaí gnéis uirthi agus go raibh a fhios ag gluaiseacht na bPoblachtánach faoi, go dteastaíonn uaithi go n-inseodh Sinn Fein an fhírinne.
Sin nó fulaingeoidh mé arís a dúirt sí.
Dúirt Maria Cahill go bhfuil an páirtí ag ionsaí a creidiúnachta agus go bhfuil alltacht uirthi go bhfuil Gerry Adams ag séanadh go raibh eolas ar bith aige faoi chroscheistiúchán a rinne an t-IRA uirthi ná faoin líomhain gur héigníodh í a phlé go sonrach leis.
Dúirt sí go bhfuil Sinn Féin ag tabhairt uirthi fulaingt arís.
Dúirt sí go raibh a fhios ag Adams le linn chruinniú a bhí aici leis, cé a rinne an t-ionsaí gnéis uirthi agus gur admhaigh sé go raibh aithne aige ar an té sin.