Chaill Cumann Ionadaíoch an Gharda Síochána nó an GRA an agóid dhlithiúil a bhí tugtha aige ionas nach ngearraí siar pá a gcuid ball dá mbeadh siad amuigh ar shaoire tinnis go fadtéarmach.
Rialaigh an Ard Chúirt inniu i bhfábhar an Rialtais agus sheas le cinneadh na Roinne Caiteachais Phoiblí maidir le 50% de laghdú pá a ghearradh ar thuarastal oibrithe sa tseirbhís phoiblí a bhíonn ar shaoire tinnis leanúnach breis is 6 mhí.
Theastaigh ón GRA nach mbeadh na Gardaí curtha san áireamh sa ngearradh siar sin.
Dúirt an GRA ina argóint go gcaithfí an chontúirt a bhaineann le post an gharda a chur san áireamh.
Ní raibh aon ghlacadh ag an mBreitheamh Nicholas Kearns áfach le aon argóint de chuid an GRA.
Deir an Cumann go smaoineodh sé ar achomharc anseo agus san Eoraip.