Tá fear 23 bliain d'aois á cheistiú ag na gardaí i gcathair Phort Láirge i dtaca leis an ionsaí ar theach ansin aréir.
Gortaíodh triúr páistí nuair a caitheadh buama peitril le teach sa Bhaile Beag thart ar a 9 a chlog.
Gearradh agus dódh go dona Róisín Halligan cailín 11 bliain d'aois agus a col ceathrar Lexi atá 1 bliain d'aois.
Tá coir leighis á cur ar Róisín Halligan san ospidéal i gCorcaigh.
Cuireadh cóir leighis freisin ar pháiste fir, 3 mhí d'aois de bharr ionanálú deataigh.