Creideann Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag cuid mhór tíortha, ionas nach scaipfidh an víreas Ebola.
Suas le 4,500 duine atá marbh ag Ebola ó tugadh an ráig faoi deara ar dtús i Márta i mbliana.
Bhásaigh a bhformhór díobh sin i dtíortha iarthar na hAfraice.
Dúirt Ban Ki-moon go bhfuil neart acmhainní ag tíortha áirithe leis an ghalar seo a chosc ó scaipeadh, ach nach dóthain á dhéanamh acu ina leith seo.
Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil fiú 1% den airgead ó chiste éigeandála a gealladh do na Náisiúin Aontaithe le dul i ngleic leis an víreas seo, faighte ag an eagraíocht.
Billiún dollar atá curtha i leataobh sa chiste deirtear.
Sna Stáit Aontaithe tá cáineadh déanta ar an Uachtarán Barack Obama maidir lena iarrachtaí siúd in aghaidh an víris.
Tá an tUachtarán Obama in aghaidh an choisc ar thaisteal chuig tíortha iarthar na hAfraice, ní atá molta ag polaiteoirí áirthe ansin.
Tá cead tugtha aige fórsaí cúltaca na tíre a chur go hiarthar na hAfraice má bhíonn siad ag teastáil ansin, leis an víreas a throid.
Bheadh an fórsa seo ag tacú leis an 4,000 saighdiúr as Meiriceá atá ar dualgas cheana féin sa gceantar.
Tá imní i Meiriceá féin anois ó tholg beirt altraí i stát Texas an víreas.
Bhí siadan ag tabhairt aire d'othar ón Libéir a raibh an víreas air.
Tá scoileanna dúnta i Texas agus i stát Ohio de bharr imní faoin víreas.
Breis is seachtain ó shin a bhásaigh Thomas Eric Duncan, an chéad duine i Meiriceá a maraíodh de thoradh an víris.
Sa Spáinn tuairiscítear go bhfuil ceathrar eile tar éis an víreas a tholg agus tá cóir leighis á cur orthu san ospidéal.
D'fhógair Iamáice inné go raibh cosc ar thaisteal.
Dúirt An Ghuáin nach bhfuil sé ag ceadú isteach aon saoránach ó cheithre thír in iarthar na hAfraice a bhfuil Ebola iontu.