Tá na gardaí i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath ag fiosrú bás buachalla dhá bhliain d'aois sa Bhaile Breac.
Meastar gurbh amhlaidh a sádh Hassan Khan.
Thángthas ar a chorp in árasán sa Bhaile Breac thart ar a 3 a chlog tráthnóna inné
Cuireadh amach fógra oifigiúil i mí Lúnasa go rabhthas ar a thóir agus tuigtear gur cuireadh an Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh, TUSLA, ar an eolas faoi ag an am.
Dúirt TUSLA inniu go gcomhoibreodh sé go hiomlán leis an bhfiosrúchán dúnmharaithe atá bunaithe ag na gardaí.
Tá bean breis is daichead bliain d'aois fós á ceistiú i stáisiún na ngardaí i nDún Laoghaire faoi bhás an bhuachalla.
Is féidir í a cheistiú ar feadh 24 uair a chloig.
Cuirfear scrúdú iarbháis níos deireanaí inniu ar chorp an bhuachalla in ospidéal Thamhlachta i gContae Bhaile Átha Cliath.