Dúirt an Coimisnéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur cheart go mbeadh fóráil i mBille Leasaithe na dTeangacha Oifigiúla a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

Bhí an méid sin le rá ag an gCoimisinéir i léacht phoiblí a thug sé in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin aréir.

Tá Bille Leasaithe na dTeangacha Oifigiúla á dhréachtadh faoi láthair. 

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Rónán Ó Domhnaill gur thuig sé anois - níos fearr ná riamh - na fadhbanna a bhaineann leis an Státchóras i leith na Gaeilge. Dúirt sé freisin gurb iad na gearáin chéanna ar bhonn leanúnach a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga ón bpobal.