skip to main content

3.6m vóta caite ag 85% de thoghthóirí na hAlban sa reifreann ar neamhspleáchas, an líon is airde riamh sa Bhreatain

Aontacht in Albain á iarraidh ag Salmond
Aontacht in Albain á iarraidh ag Salmond

2,001,926 (55.30%) duine a vótáil Níl agus 1,617,989 (44.70%) a vótáíl Tá.

Sháraigh an líon vóta seo gach curiarracht toghcháin sa Bhreatain ó tugadh isteach an vóta uilíoch i 1918

Le fógairt thoradh Fhíobha ar a 6 ar maidin, bhí an toradh iomlán náisiúnta deimhnithe.

As na 32 toghcheantair, níor vótáil ach 4 cinn ar son an neamhspleáchais, Glaschú agus Dún Dé ina measc. 

Theip ar fheachtas Tá sna hOileáin Siar, toradh nach raibh súil leis.

Níor éirigh le Alex Salmond móramh ina thoghcheantar féin, Obar Dheathain, a thabhairt leis

Bhí cead vótála ag déagóirí 16 agus 17 bliain d'aois, den chéad uair in aon toghchán sa Bhreatain.

I nDunbartonshire a bhí an vóta is airde, 91%

Ar Twitter amháin a bhí an bua ag feachtas Tá, 1,500,000 tuít in aghaidh 500,000 fheachtas Níl

Cuireadh an tAontas idir Albain agus Sasana i bhfeidhm i 1707.