skip to main content

Diúltú mhuintir na hAlban don neamhspleáchas agus beagnach 10% idir an dá thaobh.

55% de vótóirí in aghaidh an neamhspleáchais
55% de vótóirí in aghaidh an neamhspleáchais

Vótáil móramh de phobal na hAlban in aghaidh an neamhspleáchais agus ar son leanúint leis an Aontas 300 bliain le Sasana. 55.4% a vótáil Níl agus 44.6% a vótáil Tá, rud a fhágann beagnach 10% de dhifríocht idir an dá thaobh, níos mó ná mar a bhí tuartha.

D’iarr Céad-Aire na hAlban aontacht ar mhuintir na hAlban. Dúirt Alex Salmond gur ceart do dhaoine glacadh le toradh an reifrinn agus gur cheart do pháirtithe an Aontais a gcuid geallúintí i rith an reifrinn a chomhlíonadh. D'fhógair Alex Salmond tráthnóna go raibh sé ag éirí as ceannaireacht Pháirtí Náisiúnach na hAlban, nó'n SNP.

Dúirt David Cameron go raibh ríméad air go leanfaidh an Ríocht Aontaithe ar aghaidh, agus d’iarr sé aontacht ar mhuintir na tíre. Gheall sé go gcomhlíonfaí na geallúintí a rinneadh i rith an fheachtais  agus d’fhógair go mbeadh Lord Smith of Kelvin ceaptha i bhfeighil an phróisis a chomhlíonfadh na geallúintí sin.