skip to main content

An 5 Rud is Fearr le Déanamh ar an Oileán Thuaidh sa Nua-Shéalainn

Ag cothú roiceanna ga nimhe ag Gisborne
Ag cothú roiceanna ga nimhe ag Gisborne

Mar sin de, an tseachtain seo caite bhí alt againn faoi Oileán Theas agus anois seo thíos alt dar teideal 'An 5 Rud is Fearr le Déanamh ar an Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne'.

Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne

Is tír iontach í an Nua Shealainn ó thaobh taisteal de, agus tá gach cineál tírdhreach, gníomhaíocht agus eachtraíocht ar fáil ann. Uaireanta bíonn sé deacair díriú isteach ar na gnéithe is fearr don tír dá bharr. Seo chugaibh, mar sin, treoir úsáideach maidir leis an gcúig rud is fearr le déanamh ar an Oileán Thuaidh!

Cape Reinga – An pointe is faide ó thuaidh sa tír
Thuas ar an bpointe is tuaisceartaí den oileán, suite os cionn trá atá 90 míle ar fhad, tá Cape Reinga. Teach solais ar leithinis, agus an áit ina dtagann an Aigéan Ciúin agus an Muir Tasman le chéile. Is áit spioradálta é seo do lucht na Maori agus creidtear gur ann a dtéann anamnacha na marbh agus iad ar a mbóthar go dtí domhan an iarbháis. Ceantar síochánta agus draíochtúil atá ann agus molaimid go mór cuairt a thabhairt air. Is féidir turas bus ó fháil ó Awanui amach ar an leithinis ar chostas $55 le lón, treoraí agus fearas chun tabhairt faoi na dumhcha, san áireamh. Nó is féidir an trá 90 míle a thiomáint sibh féin toisc go bhfuil rialacha an ghnáthbhóthair i bhfeidhm ann, ach bígí eolach faoi chúrsaí taoide an lae mar is iomaí timpiste a bhíonn ann.

Cape Reinga – An pointe is faide ó thuaidh sa tír

Hobbiton
Fiú mura bhfuil aon ghrá ar leith agat do The Lord of The Rings, molaimid súil a chaitheamh ar Hobbiton, atá suite ar imeall bhaile beag darb ainm MataMata agus é dhá uair a chloig tiomána as Auckland. Fágfaidh seit dochreidte réadúil Hobbiton i do thost tú. Tá sé go hálainn! Is féidir baile na Hobbits a shiúl, cuairt a thabhairt ar theach dá gcuid agus fiú cuach beorach a ól ina bpub aitiúil, an The Green Dragon.

Hobbiton

Rotorua
Ná bíodh drochbholadh na háite mar údar drogaill oraibh roimh chuairt a thabhairt ar chathair Rotorua. Lonnaithe cúpla uair a chloig ó Auckland, is lár-ionad geoiteirmeach í an chathair seo. Feictear gal ag ardú ó gháitéir agus slodáin an cheantar ach caithfear seal a chaitheamh in aon cheann do pháirceanna geoiteirmeacha na háite le háilleacht agus iontas na timpeallachta a thuiscint. Thugamar cuairt ar Wai-O-Tapu Thermal Wonderland agus é ar cheann de na réigiún bolcáin is ildaite sa tír.

*Leid taistil: Tóg do chuid eadaí snámha leat toisc go bhfuil abhainn tanaí gar don pháirc bholcáin darb ainm Two Streams. Is ann a bhuaileann sruthán uisce te le sruthán uisce fuar, an-áit chun dul i mbun snámh. Abhainn iontach mistiúil atá ann agus gan tagairt déanta uirthi ar léarscáil an cheantair ionas gur féidir í a choinneáil faoi cheilt.

Rotorua geothermal attractions

Uaimheanna lampróga Waitoma
Tá na huaimheanna seo ar na hionaid nádúrtha is mealltaí sa tír, ó thaobh na turasóireachta de. Lonnaithe 40 méadar faoin talamh atá siad. Faightear turas báid síos faoin talamh, in olldhorchadas na n-uaimheanna. Níl rud ar bith le feiceáil agus tú ar an mbad seachas na billiún lampróg (glow worm) le feiceál os cionn do chloigeann.

Uaimheanna lampróga Waitoma

Ag cothú roiceanna ga nimhe ag Gisborne
Más duine tú gan faitíos roimh mórán, ach suim ar leith agat sa nádúr agus in ainmhithe, bainfidh tú an-taitneamh as tráthnóna a chaitheamh i measc roiceanna ga nimhe fiáine ar an gcosta thoir. Lonnaithe 15 noimeád tiomána ó bhaile surfála Gisborne, tá ionad eachtraíochta Tatapouri. Cuireann an t-ionad seo deis ar fáil do thurasóirí tréimhse a chaitheamh ag cothú roiceanna ga nimhe, agus iad i mbun taighde maidir le tuiscint níos fearr a fháil ar an iasc álainn seo.

Is féidir tuilleadh d'eachtraí Ellen agus Orlaith ar fud na cruinne a léamh ag Cosa Gan Chompas

Read Next