1. Ag Snámh le Deilfeanna i Kaikoura
An bhfuil aon rud níos fearr ar domhan ná a bheith ag snámh san fharraige ar do laethanta saoire agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch? Cur deilfeanna leis agus níl! Is féidir turais snámh a dhéanamh le Dolphin Encounters Kaikoura a mhaireann thart ar thrí uair a chloig agus a thugann deis duit dul ag snámh san Aigéan Ciúin le scoileanna deilfeanna. Cosnaíonn an turas thart ar €150.
Leid: Mealann fuaimeanna éagsúla na deilfeanna. Bíonn sé deacair canadh faoin uisce ach is fiú go mór iarracht a bhaint as! Is féidir ceamara GoPro a thabhairt leat ar an dturas agus mholfainn ceamara indiúscartha a thabhirt leat toisc go mealann siad na héisc.

2. Rothaíocht sna Fíonghoirt, Renwick
Tairgítear 77% de fhíon na Nua Shéalainne sa cheantar Marlborough agus is ansin atá Renwick, áit álainn atá lán de fhíonghoirt. Cuirtear ceist go minic faoin mbealach is fearr le cuairt a thabhairt ar na fíonghoirt ar fad gan tiománaí ainmnithe nó tascaí le costas ard, agus is as sin a tháinig an smaoineamh Wine Tours by Bike a bhunú. Leis an gcomhlacht seo, is féidir rothair a fháil ar cíos ar feadh 7 n-uair an chloig agus do bhealach a dhéanamh thimpeall ar na fíonghoirt ar fad. Cosnaíonn sé tuairim agus €50 an rothar agus tagann gach ceann le spás stórála do 6 bhuidéal fíona!
Leid: Tá na rothair teaindim níos deacra ná mar a cheapfá!

3. Siúlóid ar Oighearshruth Franz Josef
Cé go bhfuil costas sách ard ag baint leis an turas leis an gcomhlacht Franz Josef Glacier, is fiú go mór é! Cuirtear tús leis le turas héileacaptar suas ar an oighearshruth agus is ansin a thosnaíonn an siúlóid. Ar an mbealach suas, faightear radhairc den scoth den oighearshruth agus an ceantar mórthimpeall air agus gan amhras, sin ceann de bhuaicphointí an turais. Maireann an siúlóid thart ar dhá uair a chloig agus siúltear tríd tollán oighir, mar aon le suas agus anuas an oighearshruth féin. Tá pas chuig na linn snámha oighearshrutha don chuid eile den lá, mar chuid den turas seo. Cosnaíonn an turas timpeall ar $400 an duine.
Leid: Ní bheidh an teocht ar an oighearshruth ach 5 chéim níos lú ná ar an dtalamh!
4. Cadhcáil in Abel Tasman
Ní hamháin go bhfuil an t-usice chomh glan leis an gcriostal, ach tá gach cuainín ar an turas seo níos deise ná an ceann a chuaigh roimhe. Tá cuid mhaith cadhcáil déanta agam i dtíortha éagsúla, ach seo an comhlacht is proifisiúnta lena raibh mé riamh. Is cadhc snáithínghloine a úsáideann Abel Tasman Kayaks agus don chéad uair riamh, níor thit mé amach as an gcadhc agus mé istigh ann! Is féidir an turas seo a dhéanamh le nó gan treoraí. Mholfainn é a dhéanamh gan má tá níos mó ná beirt agaibh dhá dhéanamh, ní fiú an costas breise. Tá costas $60 an duine don gcadhc ar feadh 4 uair a chloig.


5. Fergburger i Queenstown
Tá clú agus cáil bainte amach le fada ag áilleacht. Tagann go leor daoine ann don spéirthumadóireacht, parafaoileoireacht agus léimneach bhuinsí, ach ní féidir leat an chathair seo a fhágáil gan dul go Fergburger! Nuair a bhí an corn domhanda ar siúl sa Nua Shéalainn i 2011, bhí na céadta duine ag ithe anseo gach lá, idir imreoirí, iriseoirí & lucht leanta. D’fhógair CNN gurb iad Fergburgers na burgair ab fhearr ar domhan agus bhí an cheart ar fad acu! Cé go dtagann daoine go Queenstown ar mhaithe le na hamhairc a fheiscint, is annamh go bhfágann duine an chathair gan cuairt a thabhairt ar an mbialann seo. Cosnaíonn burgar, sceallóga agus deoch timpeall $25.
Leid: Má tá tú ag eiltilt isteach nó amach as Queenstown, déan cinnte go bhfaigheann tú suíochán cois fuinneoga ar an eitleán. Tá an radharc dochreite!
Is féidir tuilleadh d'eachtraí Ellen agus Orlaith ar fud na cruinne a léamh ag Cosa Gan Chompas

Seachtain na Gaeilge 2016:
Tá ceiliúradh á dhéanamh ag RTÉ ar Sheachtain na Gaeilge 2016 (1 – 17 Márta) agus réimse leathan d’ábhar nua á fhógairt ar fud na seirbhísí raidió, teilifíse, idirlín agus fón póca. Tá comóradh á dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge trí aip nua raidió Gaeilge a sheoladh (An Seinnteoir Raidió) trína dtugtar le chéile den chéad uair gach stáisiún raidió ar fud an oileáin a chraolann i nGaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte, agus 43 stáisiún raidió eile in aon aip amháin. RTÉ a rinne an fhorbairt ar an aip le cúnamh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann. Beidh an aip ar fáil in aisce ón App Store agus ón Play Store.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Seachtain fíor-spéisiúil do RTÉ í Seachtain na Gaeilge na bliana seo. Beimid ag tástáil rudaí nua agus ag cur leis an méid suntasach aschuir Ghaeilge atá curtha i bhfeidhm againn ó seoladh plean Gaeilge RTÉ an fómhar seo caite. Is fuinneamh suntasach le feiceáil sa méid a chuireann seirbhísí ar nós RTÉ 2fm, an RTÉ Player agus an stáisiún teilifíse RTÉ2 leis an teanga i rith Sheachtain na Gaeilge, mar a dhéantar freisin le réimse oll-leathan de thionscnaimh seirbhíse poiblí ar fud na heagraíochta go léir.
“Is iontach an rud é go bhfuil ceannródaíocht déanta ag RTÉ maidir le haip a sheoladh trína dtugtar seirbhísí raidió Gaeilge oileán na hÉireann ar fad le chéile ar aon aip amháin. Sampla breá sin den fhiúntas a eascraíonn as oibriú as lámha a chéile le cúnamh taca ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón IBI.”
