Tá Leanne Ní Mhuchú agus a fear céile Adam ag súil lena gcéad pháiste faoi cheann cheithre mhí.

Is amhlaidh an scéal dóibh agus do dhaoine óga ar fud fad na tíre, áfach: níl ag éirí leo lóistín dá gcuid féin a fháil.

Oibríonn Leanne i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise, a háit dhúchais. Gaeltacht bheag is ea an Rinn, ina labhraíonn 500 as an daonra de 1,700 Gaeilge go laethúil.

Theastaigh ó Leanne ariamh a clann a thógáil le Gaeilge sa Rinn – ach tá an ghéarchéim tithíochta ag cur isteach ar a pleananna, agus ar an nGaeltacht.


Read article in English (Léigh an t-alt as Béarla) »


Mar a d'inis Leanne do Prime Time, "gan an chéad ghlúin eile, ní féidir leat maireachtaint.

"D'fhéachamar ar sé nó seacht suíomh tí le dhá bhliain anuas, agus chuamar ar aghaidh chuig an gcéim reamh-pleanála orthu, agus theip orainn i ngach aon bhabhta acu", a dúirt Leanne linn.

Mar a chéile do dhaoine ar fud na tuaithe. Déanann na rialacha pleanála, atá daingean ach go minic ar chúis mháith, an saol níos deacra d’éinne gur mhaith leo teach aonair a thógáil.

Ba bhreá le Leanne teach a cheannach sa Rinn – ach tá praghas na dtithe sa cheantar álainn in aice na farraige i bhfad ró-ard di.

"Bhí tithe ar an margadh, ach bhéidis ar phraghas ollmhór, i bhfad níos airde ná gnáth-mhorgáiste", a dúirt sí.

Ach tá dúshlán sa bhreis roimh dhaoine óga ón nGaeltacht seo, atá gar do Dhún Garbháin. Is minic a cheannaíonn daoine atá ag imeacht ó na cathracha móra, nó ar mhaith leo teach saoire a fháil, na tithe atá ar fáil sa Rinn.

De réir an daonáirimh dheirnigh, tháinig méadú beag ar líon na gcainteoirí laethúla i nGaeltacht na nDéise. Tá imní ar Leanne agus cainteoirí dúchasacha eile nach mbeidh an dara rogha ag cainteoirí Gaeilge a glúine ach imeacht go dtí an Ghalltacht chun teacht ar thithíocht.

Ardaíonn sé seo an cheist – an bhfuil an ghéarchéim tithíochta seo ag cur isteach ar úsáid na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht?

Tá 96,090 duine ag cur fúthú i nGaeltachtaí na tíre – ceantair ina bhfuil cumas sa Ghaeilge ag ceatadán áirithe den dhaonra – i gContae na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Chiarraí, na Mí, Chorcaí agus Phort Láirge.

Sa daonáireamh is deireanaí, a rinneadh sa bhliain 2016, tugadh le fios gur tháinig laghdú suntasach - de 11% - i líon na gcainteoirí laethúla.

"Faoi láthair, tá inniúlacht sa Ghaeilge ag 66% de dhaonra na Gaeltachta… dar leo féin" a deir an Dr. John Walsh, saineolaí teangeolaíochta agus leachtóir sinsearach ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

"Ach nuair a fhéachtar ar labhairt na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais – slat tomhais tábhachtach ó thaobh teangan de – tá thart ar 21% de dhaonra na Gaeltachta a labhraíonn í sa chomhthéacs seo.

De réir tuarascála a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta dar teideal "Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht", tá contúirt ann do labhairt agus úsáid na Gaeilge mar theanga pobail má labhraíonn níos lú na 67% de mhuintir an cheantair í.

Ar an mbonn sin, agus go háirithe má thiteann líon na gcainteoirí Gaeilge arís amach anseo, tá Gaeltachtaí áirithe sa tír i mbaol a mbáis.

Cuireann in-imirce daoine nach bhfuil Gaeilge acu le meath na teanga i measc mhuintir na Gaeltachta. Ní amháin sa Rinn atá ag fhadhb seo ag dó na geirbe ar úsáid na Gaeilge; tá sé le sonrú sa Ghaeltacht is mó agus is mó daonra – Conamara i gContae na Gaillimhe.

"Tá fadhb againn sa Ghaeltacht go dtógtar eastáit tithíochta nua agus bogann daoine óga nach cainteoirí Gaeilge iad isteach iontu, agus téann páistí nach cainteoirí Gaeilge iad ar scoil go háitiúil" a dúirt Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí pobail as Conamara.

"I bpreabadh na súl, tá athrú ann ó thaobh teanga an phobail de. Agus caithfear bheith ar an airdeall faoi".

Agus iad ag labhairt le Prime Time, bhí go leor gníomhaithe pobail den tuairim go bhféadfadh le teacht isteach Béarlóirí tionchar ollmhór a bheith aige, go háirithe in áiteanna ina bhfuil an teanga faoi bhrú.

"Chomh luath is a thagann duine gan Ghaeilge isteach sa chomhrá, iompraítear ar an mBéarla. Déantar sin chun freastal ar an duine gan Ghaeilge" a deir Criostóir Ó Faoláin, bainisteoir forbartha le Comhlucht Forbartha na nDéise.

Muna dtagann deireadh leis an gcleachtas seo, beidh droch-thionchar aige ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá dualgas ar na húdaráis áitiúla stádas na Gaeilge mar theanga pobail a chosaint agus a chaomhnú sna Gaeltachtaí. Is féidir le Comhairlí Contae coinníollacha teangan a leagan mar chuid den cheadúnas pleanála, a chuirfeadh iallach ar an bhfobróir tithíochta méid áirithe tithe a chur i leataobh do dhaoine atá in ann líofacht sa teanga a thaispeáint.

Dar leis an Dr. Walsh, áfach, tá eagsúlacht ann maidir le cur i bhfeidhm an pholasaí seo, agus go mbraitheann an-chuid ar an gComhairle. I gceantair áirithe, tá 80% d’fhorbairt tithíochta á choinneáil do Ghaeilgeoirí, ach tá 30% i gceantair eile.

Iarrtar ar dhaoine gur mian leo teach a cheannach scrúdú a dhéanamh chun a líofacht sa teanga a chruthú. Ach is minic nach mbíonn ach ar dhuine amháin sa chlann agallamh gairid a dhéanamh chun féachaint ar an gceist seo.

Tá éagsúlacht ann maidir le caighdeán na scrúduithe, arís ag brath ar an gComhairle, dar le Dr. Walsh – agus teastaíonn leasú ón gcóras láithreach.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, anuradh, measadh gur theip ar Chomhairle Chontae Chiarraí a dhualgaisí teangan a chomhlíonadh, agus sháraigh siad dlíthe pleanála dá bharr.

Bhain an cás áirithe seo le forbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh, ina raibh 75% de thithe na forbartha le díol le daoine a bhí líofa sa Ghaeilge.

Ag filleadh ar Phort Láirge, tá an-eileamh ar thithe i nGaeltacht na nDéise. Thug ceanntalaí áitiúil, Denise Radley, le fios nach bhfuil ach ceithre theach ar díol sa Rinn. Ba bhreá léi dá mbeadh níos mó tithíochta curtha ar fáil. "Teastaíonn tithe nua uainn, ach caithfear an mheá a chothromú idir costas na dtithe agus cearta teanga" a deir sí.

An bhliain seo caite, chuir an comhlacht forbartha réadmhaoine Shinebright Ltd iarratas pleanála isteach chun forbairt tithíochta le 46 teach inti a thógáil sa Rinn. Gheall siad go gcoinneofar 60% (27 teach) dóibh siúd a bhí in ann líofacht sa Ghaeilge a chruthú.

Diultaíodh don iarratas mí Lúnasa seo caite, le Comhairle Cathrach & Chontae Phort Láirge tagtha amach ina choinne. I measc na gcúiseanna éagsúla a luaíodh leis an gcinneadh seo, measadh nach raibh méid na forbartha in oiriúnt do riachtanais na Gaeltachta, agus glactar leis go mbeadh droch-thionchar ag an bhforbairt ar an nGaeltacht "leochaileach" seo.

Tá achomharc á lorg ag Shinebright leis an mBord Pleanála agus táthar ag súil leis an mbreithiúnas mí Eanáir seo chugainn.

I nGaeltachtaí áirithe, an Rinn mar shampla, tá dhá thrá le freastal: an t-éileamh ollmhór ar thithíocht le linn géarcheime, agus slánú na Gaeltachta.

Admhaíonn Criostóir Ó Faoláin, atá ag obair le Comhlucht Forbartha na nDéise, go bhfuil "an bás i ndán don Ghaeltacht" muna n-athrófar rudaí, agus tá an eagraíocht lena n-oibríonn sé ag súil le comharchumann tithíochta a bhunú go háitiúil.

"Táimid ag súil le 14 teach a thógáil ar thalamh Údarás na Gaeltachta" a deir sé.

"Táimid i mbun idirbheartaíochta leis an Údarás faoi láthair agus sinn dóchasach an talamh seo a cheannach. An sprioc atá againn ná tithíocht atá ar phraghas reasúnta a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht."

Tá leithéidí Chonradh na Gaeilge, eagraíocht a fheidhmíonn ar son chearta teanga in Éirinn, ar aon intinn. Le déanaí, tá iarrtha acu ar an rialtas beartas náisiúnta a fhorbairt chun an Ghaeltacht a chosaint, agus an próiséas ceannaithe a dhéanamh níos fusa do mhuintir na Gaeltachta.

Ach ar cheart nó ar chóir a leithéid a chur i bhfeidhm do ghrúpa faoi leith, go háirithe i lár na géarchéime tithíochta?

"Tá luach mhór ag an nGaeltacht, agus tá formhór na tíre báúil don Ghaeltacht. Cé go n-aithnítear go bhfuil an ghéarchéim tithíochta thar a bheith dáirire agus tromchúiseach, aithnítear go bhfuil deacrachtaí eile ag an nGaeltacht, mar cheantar teangeolaíochta leochaileach. Caithfear teacht ar chomhréiteach maidir leis seo" a dúirt an Dr John Walsh

Níl Leanne Ní Mhurchú réidh le dearmad a dhéanamh ar a brionglóid a clann a thógáil le Gaeilge sa Rinn, Ach an ngéillfidh an Ghaeltacht don bhrú damanta atá uirthi ó thaobh na tithíochta de? Agus muna bhfuil áit ann don chéad ghlúin eile de Ghaeilgeoirí, an mairfidh sí?

Aistrithe go Gaeilge ag Eoin Ó Catháin agus Siún Ní Dhuinn

Craolfar tuairisc speisialta ó Conor McMorrow, atá léirithe ag John Cunningham, ar an ngéarchéim tithíochta agus an bhagairt atá ar an nGaeltacht ar Prime Time ag 9.35 i.n. ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.