Lá mór na vótála tagtha do phobal Mheiriceá
Is é inniu an lá oifigiúil votála do thoghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe.
Beidh a fhios sna laethanta romhainn an í Kamela Harris ón bPáirtí Daonlathach nó Donald Trump ón bpáirtí Poblachtach an 47ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
Áirítear go bhfuil 50% den phobal vótála tar éis vóta a chaitheamh cheana féin sna laethanta atá imithe thart.
Ceadaítear dóibh sin a dhéanamh ar ndóigh faoin gcóras luathvótála.