Is é inniu an lá oifigiúil votála do thoghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe.
Beidh a fhios sna laethanta romhainn an í Kamela Harris ón bPáirtí Daonlathach nó Donald Trump ón bpáirtí Poblachtach an 47ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
Áirítear go bhfuil 50% (suas le 80m duine) den phobal vótála tar éis vóta a chaitheamh cheana féin sna laethanta atá imithe thart.
Ceadaítear dóibh sin a dhéanamh ar ndóigh faoin gcóras luathvótála.
Seisear atá cláraithe le vótáil i gceantar Dixville Notch i Stát New Hampshire agus mar is dual don traidisiún ansin chaith siadsan a gcuid vótaí ar uair an mheánoíche.
Tá roinnt mhaith de na bothanna vótála oscailte anois ar chósta thoir na tíre
Tabharfaidh na milliúin eile na bothanna orthu féin sna stáit eile i Meiriceá sna huaireanta a chloig atá romhainn.
Meastar go mbeidh roinnt laethanta ann sula féidir an toradh a fhógairt go hoifigiúil.
Tá seanaithne faoi seo ag na hiarrthóirí Trump agus Harris ar ionad an Tí Bháin i Pennsylvania Avenue.
Chaith Donald Trump an tréimhse 2017-21 ansin mar uachtarán; is í Kamela Harris Leas-Uachtarán na tíre faoi láthair i réamas Joe Biden.
Is beag atá idir na hiarrthóirí seo de réir na bpobalbhreitheanna.
Léiríonn na pobalbhreitheanna gur mó daoine atá míshásta leis an mbeirt acu ná mar atá sásta ach tá vótaí á gcaitheamh go tréan mar sin féin.
Deirtear gur dornán stát ('swing states') a chasfaidh an toghchán seo bealach amháin nó bealach eile.
Ina measc sin áirítear Michigan,Pennsylvania,North Carolina,Wisconsin, Arizona agus Georgia.
Má bhuann Trump a bhformhór, gach seans go bhfeicfidh seisean a dhara téarma mar uachtarán.
Más le Harris iad áfach is dócha ná mhalairt gur léise an Teach Bán agus í ar an gcéad bhean riamh le hoifig na huachtaránachta a bhaint amach i SAM.