Tá sé beartaithe ag an Aire Comhshaoil Éamon Ryan rialachán a chur i bhfeidhm sa bhFómhar le cosc a chur ar dhíol agus ar dháileadh móna.
Ach tá sé deimhnithe ag an Aire go mbeidh cead fós ag daoine a gcuid móna féin a bhaint agus í a dhó.

Níl séasúr bainte na móna ach díreach tosnaithe ar an gcósta thiar agus ar na macharí móra lár-tíre, ach d'fheadfadh sé go mbeadh deireadh ar fad faoi cheann 5 mhí leis an deis a bhíodh ag lucht bainte brabach a shaothrú agus ag na mílte custaiméar atá ag brath ar mhóin bainte agus triomaithe lena gcuid tithe a théamh.


Sin é a tharlóidh má fheidhmítear an rún atá ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais an rialachán a chur sa dlí ón gcéad lá de mhí Mheán an Fhómhair.
"Tá sean-ndaoine ag brath ar mo leithide-sa" a deir Michael Mulkerrins, fear as Carna i gConamara atá ag baint mhóna le meaisín ar phortaigh ar an Teach Dóite le 20 bliain.
"Céard a dhéanfaidh an dream aosta sin muna mbeidh cead an mhóin a bhaint agus í a dhíol? Agus tá daoine go leor nach bhfuil 'plot' acu ach a fhaigheann ceann ar cíos gach bliain agus a ghróigeann a gcuid móna agus í a thabhairt abhaile tar éis dhomsa í a bhaint dóibh.

Ní mór do dhaoine seasamh le chéile agus seasamh go láidir in aghaidh an dlí nua seo a bhfuil caint ag na Glasaigh air".
Deir an tAire Ryan go bhfuil 1,300 duine sa mbliain sa tír á gcur den tsaol de bharr truailliú ó bhreosla crua a dhó, - gual, adhmad agus móin. Cáithníní, - frídíní beaga bídeacha - sa deatach ón tine is cúis leis an drochbhail a churtar ar na scamhóga agus ar an tsláinte i gcoitinne.

Ach deir an t-iar Aire Rialtais Éamon Ó Cuív, TD de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, gurbh iad an dream is lú achmhainní, daoine ar ioncaim íseal agus daoine atá i dtuilleamaí cúnamh stáit is mó a bheidh thíos leis an rialachán atá ar na bacáin.
"Tuige más ar son sláinte an phobail atá sé seo beartaithe nach bhfuil stáisiún ginte leictreachais Moneypoint á dhúnadh? Go deimhin in áit é a chur ó mhaith, tá an méid guail atá á dhó sa stáisiún cumhachta sin le méadú!"
Deir an Comhaontas Glas go raibh tréimshe comhairliúcháin phoiblí ann faoi na rialacháin nua an t-am seo anuraidh, ó mhí Feabhra go hAibreán 2021. Tugadh 12 mí fógra don earnáil a deir siad ag deireadh an tsamhraidh anuraidh, rud a fhágann go dtiocfaidh na rialacháin nua i bhfeidhm, an 1ú de mhí Mheán an Fhómhair i mbliana.
Dóibh siúd a bhfuil straidhp portaigh acu beidh cead fós móin a bhaint agus í a dhó, go fóill ar aon nós, ach sárú ar an dlí a bheidh ann, móin a dhíol, nó fiú í a roinnt le cara nó gaol nó comharsa.