Tá sé tugtha le fios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur cuireadh as go mór do sheirbhísí cúraim in ospidéil ar fud na tíre inniu de bharr eolaithe leighis a bheith ar stailc.

Meastar gur cuireadh cúram leighis do thuairim is 3,000 duine ar ceal ar fud na tíre.

Fágadh tuairim is 30,000 duine gan toradh ar a gcuid tástálacha fola.

Bhí lá stailce eile beartaithe don lá amárach, ach tá sí curtha ar fionraí anois, féachaint le teacht ar chomhréiteach sa gCúirt Oibreachais.

Cuireadh ar ceal gnáthaimh roghnacha d'othair chónaitheacha agus d'othair sheachtracha araon chomh maith le coinní d'othair sheachtracha. Bhí seirbhísí tástála dochtúirí teaghlaigh curtha ar fionraí freisin.

Is é Cumann na nEolaithe Saotharlanna Míochaine a labhraíonn thar a gceann. Dar leis an gcumann go mbaineann an stailc le cúrsaí pá agus forbartha gairme. Déanann na heolaithe seo tástálacha ar shamplaí othar agus tá an chuid is mó acu bunaithe i saotharlanna in ospidéil phoiblí. Ach tá siad ag obair freisin in ospidéil phríobháideacha agus i Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.

Ag labhairt di ar an bpicéad ag Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí, dúirt duine de bhaill an cheardchumainn, Mairéad Ní Mhuimhneacháin, go raibh lucht na stailce "ag iarraidh réiteach a fháil ar mhí-chothromaíocht pá i dtreo is go mbeidh céimithe nua-cháilithe in ann teacht isteach sa tseirbhís phoiblí agus réiteach a fháil chun iad a mhealladh fanacht linn, in ionad dul ag obair san earnáil phríobháideach."

Bhí na heolaithe ar stailc cheana féin Dé Céadaoin seo caite.

Tá trí lá stailce eile beartaithe, idir 31 Bealtaine agus 2 Meitheamh, mura réiteofar an t-aighneas sa gCúirt Oibreachais roimhe sin.