Tá an dá thaobh i scéal fada Chuarbhóthar na Gaillimhe ag sárú ar a chéile arís tar éis bhreithiúnas san Ard-Chúirt inné ag cur an cheada a bhí bronnta ag an mBord Pleanála an bóthar a thógáil, a chur ar neamhní.
Mar gheall nár cuireadh san áireamh Plean Aeráide an Rialtais atá an cead curtha ar ceal, ach deir lucht stocaireachta ar son an bhóthair nach bhfuil an cath caillte fós.
Ní raibh an seachbhóthar os cionn na Coiribe i bhfad tógtha sna 1980í nuair a thosaigh caint ar bhóthar mór eile a dhéanamh ó thuaidh de.
30 bliain dar gcionn, agus €36 milliún meastar caite, níl ann fós ach caint.
Deich mbliana ó shin, caitheadh i dtraipisí an chéad phlean a bhí réitithe in 2008, tar éis bhreithiúnas ó Chúirt na hEorpa ar ghnáthóga agus caomhnú comhshaoil.
Mí na Nollag 2021 ar deireadh, cheadaigh an Bord Pleanála an togra. Ach ansin lorg lucht comhshaoil agus comhlacht déantúsaíochta Brooks agus Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh achomharc air sin.
Gan ordú cúirte déanta fós faoi na cásanna sin, cuireadh an cat i measc na gcolúr ceart mí Dheireadh Fómhair seo caite nuair ab éigean don Bhord Pleanála a admháil nach raibh Plean Gníomhú Aeráide an Stáit curtha san áireamh acu agus iad ag ceadú an bhóthair - plean a bhí i bhfeidhm le ceithre lá roimhe sin.
Sin é an chúis inné gur cuireadh an cead ar neamhní san Ardchúirt.

Anois agus an tranglam tráchta ag tachtadh na cathrach níos mó ná a bhí riamh, ní léir baileach cá bhfuil ár dtriall.
Deir an Seanadóir Seán Kyne, Fine Gael, gur mór an t-údar frustrachais é agus nach raibh an méid a rinne an Bord Pleanála sásúil. Ach deir sé go ndéanfar iarratas eile, iarratas a chuirfidh an Plean Aeráide san áireamh, agus cé go bhfuil moill mhór eile ar an mbóthar nach bhfuil an cath caillte.
Deir an Seanadóir Pauline O’Reilly, cathaoirleach an Chomhaontais Ghlais, gur iontach an bua é do chosaint na timpeallachta agus go bhfuil sé thar am anois ag lucht pleanála cinnireacht a léiriú agus an córas iompair phoiblí a threisiú i ndáiríre in áit a bheith ag lorg deiseanna le cur le líon na gcarranna ar bóthar.
Tá Comhairle na Cathrach ag leanacht lena bpleananna an córas iompair phoiblí a neartú, a deir siad, ach tá sé i gceist acu i gcomhar leis an gComhairle Chontae iarratas eile fós a dhéanamh ar an gCuarbhóthar.
Caithfear Plean Aeráide an Rialtais a chur san áireamh anois, agus an t-iomlán ansin a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála uair amháin eile.
Bliain, nó b’fhéidir tuilleadh moille fós meastar, go ndéanfar cinneadh críochnúil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ