Tabharfaidh clár nua do dhaoine óga ar TG4, Saol Ella, súil eile don lucht féachana ar thaithí Gaeltachta, rite of passage a bhíonn ag go leor Éireannach agus iad ag fás aníos.
Gach bliain téann na mílte scoláirí chun cúpla seachtain a caitheamh cois farraige ag foghlaim na Gaeilge, ag bualadh lena chéile agus ag ag fáil taithí don saol neamhspleách don chéad uair.
Tabharfaidh an clár nua do dhaoine óga ó TG4 Saol Ella, an lucht féachana thar n-ais chuig an taithí sin ach níos mó na sin beidh sé ag breathnú ar an taobh eile don eispéireas agus í ag díriú ar saol muintire áitiúla na nGaeltachtaí nuair a thagann cuairteoirí an tsamhraidh gach bliain.
Sraith drámaíochta é an seó agus, trí shúile an phríomhcharachtair 'Ella' (Ciara Cox – Ros na Rún), feictear na mothúcháin agus an ilghnéitheacht a ghabhann le saol an déagóra atá ag éirí aníos sa Ghaeltacht i slí spraíúil agus spleodrach.
Everybody remembers their Gaeltacht experience, the learning, craic and of course the Bean an Tí. Saol Ella shows us the other side of that world as it takes on the point of view of Ella, a girl whose life and summer plans at home in the Gaeltacht, are turned upside down by the arrival of the ‘Gaeilgeoirí’.
Rinneadh taifead ar an gclár timpeall an Spidéil agus na hIndreabhán agus dar le Siobhán bhí muintir na háite breá sásta aon cabhair a thabhairt do lucht déanta an chlár go háirithe mar ‘níl mórán plé déanta ar muintir na Gaeltachta i gcláir faoi chúrsaí samhraidh riamh’. Is éacht mór go raibh an chlár in ann radharcphointe muintir na háite a mheascadh le heispéireas na scoláirí Gaeltachta is iad ar fad ag teacht le chéile i rith an tsamhraidh.
Tá Ciara Cox, atá sa phríomhról an chláir 'Ella', ag súil go mór leis an gclár a roinnt leis an bpobal ‘Táim 100% ar bís’ a dúirt sí. ‘Ní strainséir ar bith ise ar scáileáin TG4 ó tá taithí cheana aici ar stáitse agus aisteoireacht don teilifís i bpáirt Maeve ar Ros na Rún’. Is léir go bhfuil difir mór idir sin agus an ról nua seo mar phríomhcharachtar chláir. Níor chuir an bhrú sin isteach ar an dalta idirbhliana ar chor ar bith, áfach
‘Níor shamhlaigh mé riamh go dtarlódh rud mar seo dom. Bhí mé beagáinín neirbhíseach ar dtús ach bhí mé ar bís don chuid is mó"
Bhí Ciara in ann tarraingt ar a taithí féin as a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh agus dúirt sí chomh maith go raibh roinnt cosúlachtaí idir í fhéin agus an carachtar Ella 'tá cleachtadh ag mise agus Ella le bheith ar stáitse agus cúpla rud eile agus cabhraigh sé sin". Is léir go bhfuil todhchaí gheal amach roimh an réalta óg.
Tá an clár seo ag teacht in am ina bhfuil níos mó béime agus aitheantas ná riamh curtha ar an íomhá nua don teanga Ghaeilge mar rud spraíúil agus mealltach i measc an phobail. Tabharfaidh an chlár seo deis do dhéagóirí fud fad na tíre agus níos faide teagmháil a dhéanamh leis an teanga i slí siamsúil agus réchúiseach, rud atá ag teastáil chun daoine a mhealladh i dtreo na teanga taobh amuigh don seomra ranga.
Saol Ella gives young people the opportunity to enjoy a drama that they can relate to all the while interacting with an Ghaeilge no matter if they’re a fluent speaker, just learning or even if they have no Gaeilge at all. The shows appeal is universal ‘Young people will be able to see themselves in the characters who share the same experiences as teenagers all over the world.’
Déanann Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir sraithe an chláir an phointe gurb iad daoine óga na tíre seo mar ‘lucht féachana nach bhfuil mórán freastal déanta orthu le blianta anuas ag cláir Gaeilge agus Béarla’. Bhí sé tábhachtach mar sin clár Gaeilge a chur ar fáil bunaithe ar aoisghrúpa níos óige. Dúirt sí chomh maith gur thug an chlár deis do dhaoine óga bualadh lena chéile agus go ndearna an cliar "cairdeas a bheidh acu go deo’ rud a chuirfidh le caighdeán an chláir go mór gan amhras.
Saol Ella starts Thursday 20th April, 5pm on TG4.