Chuaigh foireann An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chuig Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean, áit a raibh Craobh na Mumhan do Chlár na gComhlachtaí Gaeltachta ar siúl.
Is iad Junior Achievement Ireland agus Údarás na Gaeltachta a reachtáil an ócáid agus bhí ceithre scoil san iomaíocht ar an lá, ó Bhaile Bhúirne, ó Rinn, ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Corca Dhuibhne féin.
Éist anseo le Síofra Mulqueen ar an gclár The Business a labhair le fiontraithe timpeall na tíre atá ag obair trí mheán na Gaeilge
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
— Helen Ní Shé (@MuintirShe) March 14, 2023
Tograí spéisiúla ag Clár na gComhluchtaí ó dheas inniu. Bí linn ar @saolodheas ar @RTERnaG inniu @ColGhobnatan @ScoilMhuireB pic.twitter.com/OnJfbxpH69
Tháinig lucht fiontair na leithinise chomh fada leis an scoil le labhairt leis na daltaí agus leis an Saol Ó Dheas faoina gcuid moltaí agus an fhoghlaim a rinne siad féin mar fhiontraithe áitiúla. Ina measc siúd, bhí Éanna Ó Conchúir, Philip King agus Louise Ní Bhrosnacháin
Fiontraithe Chorca Dhuibhne linn anois- Louise Ní Bhrosnacháin, Éanna Ó Conchúir agus Philip King. @UdarasnaG @SouthWind_Blows @louisebrosnan1 @EannaOConnor95 @RTERnaG pic.twitter.com/mRKNBApDiR
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) March 14, 2023