Is iomaí duine a chloisteáil ag rá 'ba bhreá liom bogadh amach chuig na hoileáin' ach is annamh a dhéantar é. Ní sin an cás don láithreoir, scríbhneoir agus craoltóir Aedín Ní Thiarnaigh áfach a bhog go hInis Meáin agus a chruthaigh a gnó fhéin i 2022.

Is ollmhór an t-athrú é do shaol a bhogadh ón mórthír, brionglóid atá ann do go leor daoine agus tá Aedín ar a sáimhín só ann anois agus ag baint an-taitneamh as a saol nua mar chuid do phobal Inis Meáin "Chaith mé mí ar an oileán i 2021 i mbun obair páirce agus thaitin sé thar cionn liom. "Bhí fonn orm filleadh air tar éis an tsamhraidh sin agus go gcaithfinn cúpla mí ann agus táim fós ann anois"

Níor thóg sé mórán ama di socrú isteach i saol an oileáin ach an oiread "Thaitin sé liom ón gcéad lá riamh, tá ceangal ar leith agam leis an áit seo, leis an dúlra agus leis an bpobal" Ba nua an rud é d'Aedín cónaí a bheith uirthi sa Ghaeltacht ach is léir go bhfuil a spás féin bainte amach aici ann anois.

D'aithneodh daoine Aedín óna cuid láithreoireachta le 'The Summer Show' nó níos déanaí 'Faoi Bhláth’ ar RTÉ. Is léir gur duine í a bhfuil an-ghrá agus paisean aici don timpeallacht agus an nádúr agus cuireann timpeallacht Inis Meáin go mór leis sin "Fásann rudaí anseo nach bhfásann áit ar bith eile sa tír. Fiú tá bláthanna anseo nach bhfásann ar an mórthír, tá sé fíor eisceachtúil sa tslí sin."

Aedín ar 'Faoi Bhláth' ar RTÉ

Chomh maith leis an bpaisean agus stór ollmhór d'eolais a thug Aedín léi chuig Inis Meáin, tá sí tar éis an tionscadail agus gnó a thosú darb ainm ‘Bláthanna Fiáine Wildflower Walks’ ar an oileán. Tógann sí daoine léi ar thurais trí thimpeallacht an oileáin chun foghlaim faoi na bláthanna agus plandaí áitiúla a fhásann ann, an béaloideas agus seanchas a bhaineann leo agus úsáid na plandaí i gcúrsaí leighis agus cócarála.

Ar dtús, nuair a thosaigh sí amach le 'Bláthanna Fiáine Wildflower Walks' bhí Aedín ag iarraidh freastal ar 'daoine a thagadh ar na hoileáin as a stuaim fhéin seachas daoine a mhealladh amach ann" Is léir áfach mar gheall ar rath agus forbairt an ghnó go bhfuil daoine ag taistil go hInis Meáin ar son na dturas 'anois tá daoine ag teacht chun páirt a ghlacadh sna turais agus tá sé sin iontach deas'. Is léir go bhfuil Aedín tar éis deis a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcroíthe istigh sa dúlra teacht agus foghlaim faoi rud iomlán nua amuigh ón gcósta thiar.

Bláthanna fiáine ag fás ar Inis Meáin.

Lena gnó chomh maith, tá Aedín tar éis spás a chruthú i gur féidir le daoine filleadh ar ais ar an nádúr agus a thábhacht a aithint. In am ina bhfuil níos mó béime á chur ar chaomhnú agus cosaint na mbláthanna fiáine in Éirinn, is iontach an sprioc é sin "Tá daoine ar an eolas anois go bhfuil an dúlra i mbaol agus ó thaobh cúrsaí bithéagsúlachta de mar shampla, tá práinn ag baint leis. Tugann sin luach leis an méid atá againn agus tá daoine anois ag faire amach don timpeallacht' Is dócha go gcabhróidh obair daoine cosúil le hAedín leis an tsochaí le níos mó aire agus cosanta a thabhairt don dúlra.

Tá níos mó eolas ar fáil faoi Bláthanna Fiáine Wildflower Walks anseo.