Tá Ross Turner agus Cian Murphy bunaithe san ard-chathair agus eisíonn siad ceol faoin ainm I Am The Cosmos. Dheineadar a EP úr ‘Nothing But Love’ a chumadh is a thaifeadadh i sean-fhoirgneamh ionaid leighis ollscoile Áth Cliath lasthiar den gCeoláras Náisiúnta, foirgneamh atá lán de spás, spás atá le mothú sna ceithre rian atá le clos ar an EP seo.

An rud is mó a sheasann amach domsa faoin iarracht seo ná an réamhrá lom fada, lán d'fhéidearthachtaí, a chuireann na cluasa is na cosa ar biorán.  Seo réamhrá a ghíogann sinn.  Cá bhfuil an port seo ár n-iompar?  Trí nóimíntí go leith tar éis a chloisimíd an chéad nóta, scéitheann an port seo a rún.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.