Tá bailiúchán nua d’amhráin disco is soul ó na seachtóidí, iad uilig ath-chóirithe ag an diosc-mharcach is léiritheoir John Morales, díreach eisitihe ag lipéad BBE is tá an léamh galánta seo ar an tseod seo ón bhliain 1975 le clos air.

Tháinig an bunleagan den amhrán seo amach ar Motown is ba é Van McCoy (a bhain cáil as ‘The Hustle’ a chumadh) a dhein an obair léirithe air ar dtúis.  Díoladh míle cóip den cheirnín sin agus d’fhág sé a lorg ar chairteacha na Breataine is Mheiriceá.  Seans maith go n-aithníonn tú glór David Ruffin,  bhíodh sé ar dhuine de phríomh-amhránaithe an ghrúpa The Temptations tráth. 

Ach anois tá Morales tar éis greim a fháil ar na bun-ábhair taifeadtha is tá sé tar éis a lorg féin a leagan air. Faoi threoir an léiritheora, tá síneadh curtha aige leis an amhran is an bhéim leagtha aige ar na gnéithe is cumhachtaí de.  Seo ceann le casadh ag deireadh chóisir, nuair atá a rás nach mór rite, chun daoine a bhí ar tí dul a choladh a mhealladh chun rince ath-uair.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 22.00 agus meánoíche.