ath-mheascáin úra ar fáil an mhí seo, cruthaithe ag léiritheoirí éagsula do rianta a bhí le clos ar ‘Electric Lines’, albam Joe Goddard ó Hot Chip / The 2 Bears, a h-eisíodh níos luaithe i mbliana.

Diaidh ar ndiadh a chuireann an ath-mheascán seo ó Bawrut faoi gheasa sinn.  Tá síneadh fada ag a thús, ár gcluasa ar bior ag na sintéiséirí, sara gcloisimíd an cic-dhruma: cá bhfuil an ceann seo ár dtabhairt? Ansan, mar splanc, leath-bhealach tríd, cloisimíd an dord don gcéad uair, dord-líne glórmhar fáiscithe as sean-phort Italo.

Anois táimíd ag rince!

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22.00 agus 00.00 ón Luan go hAoine.