Is amhránaí, cumadóir amhrán is file ar leith é Marcus Mac Congháil, an fear freagrach as na focal a chloisimíd á gcanadh ar an amhrán álainn seo ón mbanna nua Bruadar. Ina theannta, ar an dord-ghiotár, cloisimíd Eoin O’Brien a bhíodh ag semint le bannaí mar Kíla is Clay Dolls tráth dá raibh. 

Marcus Mac Congail 

Chuir an bheirt seo aithne ar a chéile ag buscáil ar shráideanna na h-ardcathrach is táid mar ‘fhuaimbráithre’ ó shin, é mar aidhm acu go mbeadh macallaí a gcuid amhráin á theilgeadh ar fuaid an chosmais.  An teachtaireacht atá acu: ‘seo mar a bhraithim anois, mar bhall don gcinne daonna".

Is breá liom chomh lom is atá seo mar amhrán, amhrán cumachtach fáscithe as nithe simplí, idir ghlór Mharcuis is dord Eoin.  Táim ag tnúth go mór le na saothair a thiocfaidh inár dtreo uatha amach anseo.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta